Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh

Suíomh:
Dún Átha, Co. an Chláir
Múinteoir:
Ed J. Headtromóin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 271

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 271

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Leathanach 271
  3. XML “Seán Lloyd - 1750 circa”
  4. XML “Seán Lloyd - Cuntas Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Comnaig sé i Lisín. Oide ar scoil scairte ab eadh é. File maith ab'eadh é. Chúm se an Aisling breagh sin "Cois Leasa dám go h-uaigneach"
    Uair amhain bhí sé ag teacht o Cill Ruis le tuitim na h-oidche agus ar a meisge. Chuaidh sé isteac i Lios na Falainge agus thuit a chodladh. Is le linn don codladh sin do bhí taidhreamh aige agus nuair do dhúisigh sé scríobh sé an dán ag deanámh tagart dó "Cois Leasa". Bé Lios na Falainge an lios i "Lios Leasa".
    Bhí argóint idir na Mathghamhnaigh agus na Bríanaigh agus tugadh Seán isteach mar bhreitheamh ar an sgéal. Bhí se taobach le dreám amhain den dá dream agus tamall 'na dhiaidh sin do mharbhuigh duine den dream eile ar thaobh an bhothair é i Mágh Mhín, Cill-Chaoidhe.

    Séámas Ó Scannláin ó n-a athair
    (The above account does not appear likely as the McMahons and O'Briens were not in residence in this district then)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teangacha
    Gaeilge
    Béarla
    Bailitheoir
    Séamus Ó Scannláin
    Inscne
    Fireann
  2. Do mhair sé sa Conndae seo (An Clár) bhí aithne aige ar na Cuirtiníg ar Sheán Ó hAtharna agus ar Sheán de hÓrdha. Thug sé a shaoghal tímcheall Cora Caitlin agus Tullach. Duine des na filí ba ceolmhara den Conndae. Fuarthas marbh ar thaobh an bóthair é in aice le hInis 1758.
    (Feách an dán Máire Bán)
    leathanac 95
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.