Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Suíomh:
- Dún Átha, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ed J. Headtromóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)as an lios in a dhiaidh. Gach uair a stadadh an fear stadadh an chú leis. Lean an chú mar sin é go ceann leath mhíle agus annsan chuaidh an chú isteach i mbóithrín. Nuair d'féach an fear arís bhí an chú imighthe as radharc acht bhi fear eile in a h-áit. I gceann tamaill d'fhéach sé arís agus chonnaic sé cnapán teine agus chuaidh an cnapán sin isteach sa lios arís.
- Tá lios le Seán Ó h-Eochaidhe i gCill Chronáin agus d'fhéadfá seacht gcinn diobh d'fheiscint uait.
Mar an gcéadna le lios sa Domhnach Buidhe síar ó Chill Chaoidhe d'fheadfaí 7 gcinn diobh d'fheiscint uait.Comhnaigh bean i nDún Átha uair agus tráthnóna amháin bhí sí ag tíomaint na mbó chun a gcrúidhte. Bhí sí ag gabháil thar lios nuair do chuala sí na Sidéoga leath 'stigh den lios agus an leanbh ag gol. Arsa duine des na sidhéoga leis an leanbh "A leinbh ná bí ag gol, éist anois tá an bhó dhubh ag dul abhaile anois chun a crúidhte agus beidh flúirse bainne agat annsan"
Nuair bhí an bhean ag crúdh na bó duibhe, thug an bó sin speach don bhuicéad agus dhoirt sí furmhor den bhainne. Thug an bhean an cuid eile go dtí an lios go raibh an leanbh ann agus dhoirt sí ann é.Bhí daoine i gCill Bheathaid láimh leis an gCeann Léime fadó agus bhí trí cinn de bnaibh aca. Bhí ceann aca tar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamas Ó hEochaidhe
- Inscne
- Fireann