Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Suíomh:
- Dún Átha, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ed J. Headtromóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Lios Fuaim na hAdharca i bpáirc le Seán Maguidhir. Is ann atá an Fáthach Fuaim na hArharca curtha. (feách an sgeál fé ar leathanach-78. Níl sa "lios" sin acht carraig mhór. D'oscluighadh an uaigh sin cúpla uair (agus i 1936) acht ní raibh aon rud le fagháil. Ní raibh fios a gnótha ag an lucht tochailte pé sgéal é.Tá Lios i dtalamh le Tomás Ó Coileáin Dún Átha nó leath leasa agus deirtear go bhfuil an leath leasa eile oiriúnach do Thall i gCiarraighe, thar an Sionainn agus go bhfuil poll ar an leath leasa sin oiriunach do cloich sa leath leasa i nDún Átha.
- Bhí bean i gCuibhreann uair amháin agus tháinig tinneas uirthi ná féadfadh aoinne é a leigheas. Chonnaic daoine an bhean chéadna an uair sin i lios in aice leis an dtráigh i gCuibhreann. Tháinig an sagart go dtí an tigh nuair chuir a muinntir fios air. D'eirig leis an ruaigeart do chur ar an sidheog a bhi sa tigh agus tháinig an bhean cheart ar ais slán go dtí a tigh féin ón lios.
Nuair a bhí sí ag teacht as an lios do chaith na sidhéoga scraith lei, buaileadh ar a h-éadan leis agus d'fan rian an bhuille ar a h-aghaidh go lá a báis.Bhí fear ag teacht abhaile ó Dún Átha oidhche agus nuair bhi sé ag gabháil thar an lios i bpáirc le Seán Ó Cadhlaigh tháinig cú(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamas de Paor
- Inscne
- Fireann