Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Suíomh:
- Dún Átha, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ed J. Headtromóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- XML Leathanach 250
- XML “Nósanna na Nollag”
- XML “Nósanna na Nollag”
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Sé "Díardaoin Dearg" an lá is mí-ádhmharaighe de laetheannta na bliana ar fad. Níl fios ag aoinne cathain a thagann an Díardaoin sin acht ar eagla na h-eagla ní tosnuightear obair mhór mar treabhadh baint feir, tógaint tighe ar aon Díardaoin sa mbliain.
- Ithtí beile mór roim dul a chodlad dóibh Oidhche Coille fadó i dtreo nach mbeadh aon ocras ortha ar la Coille agus annasan ní bheadh i rith na bliana nua ar fad.
- FADHARCÁIN (Warts)1) PÍOSA FEOLA mheithe do chimilt leo agus do chuir annsan sa gcarn aoiligh. De reír mar a bhíonn an feoil ag dul i lobhthact; bíonn na fadharcáin ag dul i bhfeabhas 2) MÁLA CLOC (le cloc do gac fadharcán) do fhágaint ar an mbóthar ag crosaire; an duine a thógfaidh an mála tógfaidh sé na fadharcain leis freisin.3) AN t-UISCE I bPOLL CLOICHE do chimilt leo acht gan dul ag lorg an uisge sin cor ar bith4) AN SÚGHLACH AS FIADHAILE ar a dtugtar "BAINNE CAIT" do chimilt leo. Fásann an fiadhaile sin imeasc prátaí agus bíonn sughlac bán ann. (Leighiseadh buacaill sa scoil seo leis an mbainne sin)5) Sulphate of Copper, washing soda, do chimilt leo6) Snáth Céarach do cheangailt ortha.(leanann ar an chéad leathanach eile)