Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh

Suíomh:
Dún Átha, Co. an Chláir
Múinteoir:
Ed J. Headtromóin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 249

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 249

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Leathanach 249
  3. XML “Nósanna na Nollag”
  4. XML “Nósanna na Nollag - Fíon den Uisce”
  5. XML “Nósanna na Nollag - Fíon den Uisce”
  6. XML “Nósanna na Nollag”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ar a mhuirigheann. Sé fear is adhmharaighe d'feicint i dtosach ar mhaidin lae Coille agus dá dheascaibh sin téigheann fir go dtí a gcáirde tar éis na Meadhon -Oidhche ar Oidhche Coille ag guidhe " bliain nua fé rath)"ortha. Bionn na daoine (na mná) ag súil leo agus fanann siad na suidhe go dtagann siad.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Creidtear go ndeintear fíon d'uisge na dtobar ar Oichche na Nodlag bige. um Meadhon Oidhche. Bhí fir ag imirt cártaí ar an oichche sin uair amháin tháinig tart ortha agus chuireadar an cailín aimsire amach go dtí an tobar fé dhéin buicéid uisge. Nuair a tháinigh sí isteach cas a bhí aicí acht buicéad fíona. D'óladar é agus chuireadar amach arís í fe dhéin a tuille fíona. D'imhthigh sí acht tásc no tuairisg dí ni fachthas riamh o'shoin.
    Maura Walsh
    Doonaha
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Ní cheart arán na uisce do chaitheamh amach ar lá Coille nó beidh tart is ocras ort i rith na bliana nua.
    Hansel Monday a tugtar ar an gcéad Luain i mí Eanair. Is adhmharach an rud e féirin d'faghail nó bonn airgid ar an lá sin. Beidh fluirse airgid agat i rith na bliana nua. Ní h-ádhmharach é aon chaiththeacas mór a bheith agat nó rud daor do cheannach ar an lá sin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.