Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Suíomh:
- Dún Átha, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ed J. Headtromóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- NAOMH MHAÍRTÍN (Lá Fhéile Máirtín 11adh Mí na Samhna)
Ar lá Féile Mairtín an 11adh de Mhí na Samhna sa ndúthaig seo deintear tímcill ag tobar beannuite í Rath an Uisge lámh le Cuibreann, Cill-Caoidhe, Co. an Cláir. Tobar Mháirtín is ainm don tobar sin agus ainmníghtear an dúthaig sin uaidh freisin (St Martin's). Deirtear gur chómhnuig triúr drithearaca san áit seo fadó, Naomh Creadán, Naomh Crónán, Naomh Máirtín. Bíonn a lán nósanna dá gcleachtadh ag muinntir na h-áite in onóir Naoimh Máirtín.(DOIRTEADH FOLLA) Ar an oidhce roimh ré deintear FUIL ÉIN TÍGE ÉIGIN DO DHOIRTEAD (mar sicín, gé srl.)Marbhuígheann alán daoíne trí cinn díobh in éinfheacht. Leigtear don fhuil sin dul tríd an dtalamh úaireannta agus ní h-óltar ríamh í. Úaireannta eile TRÍOMUÍGHTEAR Í agus coimeadtar 'na cnapán í agus deirtear go bhfuil leigheas do gach pían inntí.Uaireannta eile caitthear ar na dóirse é fé mar a dhein Cloinn Israel fadó an oidhche a tháinig Aingeal an bháis ar na h-Eígiptigh. Úaireannta eile CAITTHEAR AN FHUIL SIN INS NA BOTHÁIN AGUS CRÓITHE.Bhí sé de nós aca go dtí fiche blíana ó shoin GAN CAPALL D'OIBRIÚ ar an lá sin ná aon inneall le roth ann d'oibriú mar dheiridís go marbhuiígheadh Máirtín i muileann. Tá alán sgéalta ag baint leis an mí-ádh a tháinigh ar dhaoíne a sháruigh an geasa sin. Bhí Protastúnach darbh ainm dó Cox i ná cómhnuíde lámh leis an dtobar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donnchad Ó Coileáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Átha, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó hEocaidhe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Átha, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Scannláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Átha, Co. an Chláir