Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Suíomh:
- Dún Átha, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ed J. Headtromóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- XML Leathanach 235
- XML “Ceirdeanna agus Ceardaithe na Dúiche Seo Fadó”
- XML “Ceirdeanna agus Ceardaithe na Dúiche Seo Fadó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cúnntas Eile:-Meascadh brobanna agus feileastruim sa ngeir agus cuirtí ar lic an teinteáin íad cun an geir do bogadh agus na mbrob do thiormú. Núair bhíodh an geir bhog d'fuinidís é le na lámha chun coinneal a dhéanamh de. D'fágadh ar lic fhuair annsan é chun é a cruadhchaint agus ba sin é an choinneal réidh chun a lasta i annsan.Éamon Ó Séaghda, Cuibhreann
CÚNNTAS EILE:-Na h-íasgairí bochta in iarthar an Chláir láimh le Ceann Léime núair a bhí coinnle dá ndéanamh féin ag daoine níos saidhbhre ná íad is é seo leanas an cóir soluis a bhí aca 50 nó 60 blíana ó shin. Chuiridís ola éisg no ola róin i soitheach mar sean-chorcán agus chaithidís préamhacha tiorma nó feileastruim nó brobanna agus lasaidís san ola íad.Mrs. J. Naughton, Kilkee - Deanamh Téada
50 bliana ó shin deineiadh na daoine an téad dóibh féin le ruainní na gcapall d'fíghe. Deinidís súgán de annsan. Slíge eile a bhí aca n,a an croiceann de bhata giúise do gearrad 'na stríocaí agus na stríocaí sin d'fíghe. D'fágadh ann go ceann cúpla lá chun é a crúadhcaint. I rith an Geimhridh bhíodh an téad sin mar ceangal ar an ndíon -tíghe acht sa sSamradh tógadh ón ndíon é mar d'oscalóctaí ón a céile an téad sin leis an dtriomact.- Bailitheoir
- Tomás Ó Coileáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Mártin Treaghan
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Átha, Co. an Chláir