Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh

Suíomh:
Dún Átha, Co. an Chláir
Múinteoir:
Ed J. Headtromóin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 227

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 227

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Leathanach 227
  3. XML “Scoileanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tógadh an Scoil Naisiúnta 1886 acht bhí sean-scoil, ceann tuighe san san áit chéadna roimhe sin. Nuair a bhí an scoil seo dá tógaint bhí scoil sealadach i bpáirc le Sean Ó Cadhlaigh leath stiar de'n teampall. Sé an chéad chúntas atá i leabhar na gCigirí sa scoil seo ná " 1867:-
    Molaim do's na paistí gan a gcaipíní do chaitheamh le linn do'n scoil a bheith ar siubhal agus fós ní ceart doibh na caipíní d'fágaint ar na bínnsí rómpa ". De Bláca ainm an oide.

    Bhí SCOIL SCAIRTE i gCuibhreann ag DICK MADIGAN, CÍARRAIDHEACH, go dtí 58 blíana ó shoin. Fear bacac crosta ab eadh é agus bhíodh an scoil ar siúbhal 'na thigh féin. Bhí an ghaedhilg go líomhtha aige agus núair bhíodh sé ar buile labharadh sé í ag cáineadh na scoláirí acht dá gcloiseadh sé focal gaedhilge dá labhairt ag na scolairí do thabharfadh sé léasadh dóibh. Cuireadh sé búachaill ar dhruim búachalla eile chun an léasadh sin. Deirtear, go raibh gaol aige le hEóghan Ó Cómhruidhe agus is fíor gur de Mhuinntir Meadagáin, máthair Eóghain. Bhíodh dhá seisiún aige, Sa ló agus ist' oídhche. Caitheadh gach aoinne a chaipín agus bhídís ag caitheamh tobaic. Gearradh sé a bpínn féin agus thagadh na scoláirí go dtí na cistineach in a n-úain chun scríbhnoireacht ann. Múintí béarla, scríobnóireacht, amhráin, agus litriú. 4/3 an duine, an ráithe, an táille a bhí sa scoil seo agus fód móna an duine gach lá sa nGeimhreadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. scoileanna (~4,094)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Chobhthaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Dún Átha, Co. an Chláir
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó hEocaidhe
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Dún Átha, Co. an Chláir