Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Suíomh:
- Dún Átha, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ed J. Headtromóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- XML Leathanach 217
- XML “Timpistí Eile”
- XML “An Cogadh Mór (1914-1918)”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)1887
Badadh Captain Webb agus fuarthas a chorp sa Cúisín láimh le Cill Chaoidhe ar an gclochar.Bloc reamhar de fear láidir ab' eadh é agus ceaptar gur éirig leis snamh i dtír acht go raibh sé tuirseachh caithte traochta annsan agus go bhfúair sé bás ar an dtráig. Ni raibh marc, créacht ná gomeadh ar bith ar a chorp.November 1910.
Bádhadh trúir i gCuan Cille Caoidhe agus iad ag íasgaireacht oidhche. Bhí na h-eisg go gann roimhe sin acht ar mhí-ádhmharaighe an domhain bhiodar go flúirseach an oidhche sin. Tugadar lán líonta d'éisg i dtír leo agus amach sa bágh arís leo chun an tarna last do thabhairt isteach. Ba sin é deire a sgéil. Is docha gur lionadar an bádh ró-mhór agus gur cuireadh go toin na fairrge iad, gur chúaidh na h-iasgairí bochta in achrann leis an líon agus gur bádhadh iad. Fúarthas cuirp na beirte drithár Mac Con na Mara sna Gabhaga i mbág Cille Chaoidhe sé seachtmaine na dhiaidh sin agus corp an duine eile Ó h-Úallacháin (The "Dumby" Houlihan) i Lios Ceanair 30 míle ón áit seo. Snámhthóirí maithe iad go léir: Fúarthas na cuirp go léir ar an lá chéadna.An Cogadh Mór (1914 - 1918)
Le linn an cogaidh sin a bheith ar siubhal do chuir báid-fo-thuinn na Gearmáine alán loingeas go tóin na fairrge - Le linn an Chogaidh sin a bheith ar siubhal do chuir Báid -Fo -thuinn na Gearmáine alán loingeas go tóin na fairrge(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Éamon Ó Neachtan
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Príomhoide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)