Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh

Suíomh:
Dún Átha, Co. an Chláir
Múinteoir:
Ed J. Headtromóin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 204

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 204

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Leathanach 204
  3. XML “Ór i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An spré a fuair Ceithearnas a' Chuibhrinn le inghean Iarla Sligighe chuir sé i bhfolach é i lios i n-aice le'n a dhún féin insan Bhaile Nua, Liosdaoin, Conndae an Chláir.
    Aon lá amháin bhí bean ag dul leis an ndinnéar dá fhear chéile agus connaic sí an dá charn cnapaí i n-aice leis an lios, carn óir agus carn airgid. Nuair a shrois sí an pháirc d'innis sí dá fear chéile é agus d'fhíafruig sé dí cé'n fáth nár thóg sí cuid de acht dúbhairt sí go dtógfadh sí é nuair a bheadh sí ag dul abhaile.
    Nuair a bhí sí ag dul abhaile ní raibh aon charn ann acht chúala sí búirteach tairbh istigh sa lios agus do theich sí le scannradh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Proinsías Ó Catháin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Pádhraig Céitinn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doonaha West, Co. an Chláir