Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh

Suíomh:
Dún Átha, Co. an Chláir
Múinteoir:
Ed J. Headtromóin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 203

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 203

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Leathanach 203
  3. XML “Ór i bhFolach”
  4. XML “Ór i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Úair amháin do chúala fear go raibh ór i bhfolach i bpáirc le Tomás Ó Failbhigh, An Baile Nua, Lios Daoine. Chuaidh an fear ann ar a chapaill agus núair a fúair sé an t-ór tháinig an chú a bhí mar gárda ar an ór agus chúaidh sé ara thóir. D'eirigh leis a thigh féin do bhaint amach go slán. Nuair do shrois sé a thigh féin thug sé an chapall isteach sa tigh leis agus do luigh an capall ar an urlár agus do chuir sé a cheithre cosa i gcoinnibh an dorais. Acht ní fearrde é an t-ór mar an oidhche sin fuair sé féin agus an chapall bás.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Do bhí ór i bhfolach i bpáirc le muinntir Cox in aice leis an gcaladh, An Baile Nua, Liosdaoin, Conndae an Chláir. Do cuaid triúr fear ann uair amáin ag lorg an óir agus thosnuigheadar ag romhar. Bhíodar ag obair go díceallach annsan nuair a tháinig iolar mór os a gcionn. Do chaith an t-iolar mór cloc mór ar ceann duine aca agus do marbhuigheadh ar an dtoirt é. Do tháinig eagla ar an mbeirt eile annsan agus do theicheadar. Níor chuaidh aoinne ann ríomh ó shin chun an óir d'fagáil.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seumas Ó Scannláin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Éamon Ó Séaghdha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Cuibhreann, Co. an Chláir