Scoil: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Suíomh:
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí rí in Éirinn fadó'na raibh tríur mac aige; thuit sé tinn agus siúl sé morán id iarraidh leighis a d'fhaghail: Do tabdhbhrigheadh dó dá bhfaigheidh sé úl le n-ite as gairdín Mhuireáin go leigheasaidh sé é. "Raghaimid-ne i lorg an úl sin, ach tabhair dúinn ár ndóithin d'airgead", adúirt an té ba shine d'en chloinn. Fuaireadar sparán maith d'airgead, annsan ó n-a nathair, agus d'imigh an beirt ba shine aca chun a bhóthair go ndeigheadhar go dtí an baile mór ba ghiorra dhóibh; d'fhanadar annsan ag caitheamh and airgid: ní raibh aon tuairisc beó ná marbh a teracht uatha.
"Bhail" adúirt a tríur mac, leis a rí, " a dtabhairfaidh tú fiu fiche púnt domsa agus raghaidh mé a lorg un úl sin agus ní dtiocfaidh mé arais gan é." Nuair a fuair sé an t-airgead annsóin, d'imigh sé chun síúl: Bhí se ag síul nó go raibh an óiche teacht air agus é in áit iasachta. Do Chonnaic sé solas i bhfad uaidh agus go ghabháill sé air: bhí rí na chonndae ann agus bhí fear ag geata cúirte an rí agus d'fhiafraigh sé d'en bhuachaill cá raibh sé ag dul. "Táim ar tuairisc lóistín na h-óiche" adúirt sé. Chuaidh fear a gheata isteach agus d'innis do'n rígh go raibh fear amuigh i lorg lóistín na h-oídhche . "Abair leis teacht isteach," adubhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cait Ní Maoldomnaig
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir