Scoil: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Suíomh:
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí rí i nÉirinn fadó go raibh dáréag mac aige. Ba é an dlighe go gcaithfeadh duine aca a fhortún da throid. Ní raibh fhios ag a n-athair cioca scaoileadh sé chumh siubhail. Dubhairt sé leo, nuair a bhíodar a dul ar scoil, gan aoinne aca, bheith níos déidheannaighe ná a chéile a teacht a bhaile dhóibh. Ar a dteacht dóibh tríd a mbaile, do bhuail náire an fearab óige dhíobh, agus cheap do féin. go ndéarfadh na daoine gurab ocras a bhí air, Dubhairt an tathair, leis a bhfhearab óige, go gcaithfeadh sé dul a féachaint, amach, do féin, anois. Thug sé capall is diallait agus cead púnt dó, mar chosthas a bhóthair, Ní raibh sé i bhfad imthighthe an uair a chasad roilig air, ar thaobh a bhothair. Sheasaidh sé, is do connaich sé an comhthálan, a troid a chéile. Do ghlaoidh sé ar dhuine des na fhéaraibh agus d’fhiafruigh de goidhé an minúighadh bhí leis a dtroid, Dubhairt sé leis, go raibh corp duine da chur, do bhí i bhfiacha is a mhuinntearad iarraidh é chur agus an mhuinnthear go raibh na fiacha acha air, ní scaoilfidhís síos é go ndiolthaí na fiacha. dfhiaf-rúig Mac a ríogh, dhe an mór iad na fiacha; dubhairt an fear leis, “cead punt.” Arsa mach a ríogh, da mbeadh san díolta a gcuirfhidhe an corp le suaimhneas.” Do cuirfhidhe, arsan fear, Chuir se a lámh ‘na phóca,(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighidh Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Loinghsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70