Scoil: Carraig an Chabhaltaigh

Suíomh:
Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
Múinteoir:
Tomás Mac Craith
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 012

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 012

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Leathanach 012
  3. XML “Progaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí feirmeóir i gCoill Bheatach i bhfad ó (shin) agus do bhí trí bliana riariste aige. Cailleadh cuid mór dá chuid stuce. Do bhíodh sé a' dhíol ceann anois agus arís ach bhí sé a dhíol nó go raibh sé i gcruth aon bhó amháin sa deireadh. Peig a bhí ar a bhean. "Cad a dhéanfaimid anois, a Pheig" ar seise. "Nuair nach bhfuil againn ach aon bhó amháin". "Cad a dheanfá?" ar sise "ach i a dhíol" agus sé an t-seift deidhennach i dhíol.
    Ba é an bhó mar peata agus 'sé an ainmn a bhí uirthe ná "Prógaí". "Tá drom mo chóta scaoilte" arsa Domhnaill agus "Faigh snáthadh is snáth is cuir greim ann". An uair a bhí sé ag imteacht go dtí an aonach annsan ar maidin agus é seoladh na bó amachan t-sráid, tháinig a bhean amach agus ar sise "Mo ghrádh thú a Phrógaí bhocht, 'sé an feall tú dhíol". D'imtigh sé a' thriall ar an aonach annsan. Sul a ndeaghaidh sé go dtí an aonach, casadh teach tighearna talmhan leis go mbítí ag bailiughadh ciosca ann agus bhí sé ar lár le bliadhanta agus feár bréag fada a fhás ar áit a tighe. Bhí geata iarainn teas-amuigh dó. Nuair chuaidh coní fada leis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0563: The Table, the Ass, and the Stick
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Loingsig
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir