School: Clohanes, Dún Beag
- Location:
- Na Clocháin, Co. an Chláir
- Teacher: Mícheál de Bláca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clohanes, Dún Beag
- XML Page 216
- XML “Fir Cháiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Snámhaidhthe MaitheFuair Fithillí a ainm ó fhear darb' ainm Fithillí a bhí in-a chómhnuidhe ins an áit. Carraigh is eadh Fithillí atá i dtráigh na Daibhce Móire, le linn na romha do bhíodh an carraigh seo clúdhaighthe le h-uisge. Snámhaidhe an-mhaith do beadh an fear seo agus bhí sé an-shaidhbhir leis. B'é cuid dá oibre gach lá snámh ó thráigh Úi Sheanacháin go Rinn Cill Áird. An lá seo do thosnuigh sé ar a thuras acht ar fhilleadh abhaile dhó, d'éirigh an fhairrge an-chrosta. Níor chuir sé morán suime ann i dtosach, acht bhí sí ag éirighe níos crosta agus níos fíocmhaire. Nuair a bhí sé ag tarraingt in-aice an cósta, tháinig tonn mhór i ngan fhios dó agus bádadh é. Tugtar Fithillí mar ainm ar an áit ó shoin.D'fhéadfadh Dennis Ó Ceallaigh, Clocháinínsí, snámh ó Choillte go Oilean na gCaorach sin timcheall dhá mhíle.
Fir RámhuidheachtaDo bhuadh Seán Ó Ceallaigh, Cluain Úi Garnán, Seán Stac, Ceathramhadh Mór, agus Seán Forán, Ceathramhadh Mór, gach rás currach i gCoillte, in Inis Cathaidh agus in Dúinbeag. Bhíodh an triúr aca in aon churrach amháin agus bhí an-cháil ortha.
Spealadóirí MaitheDo bhain Micheál Ó Dubháin acra go leith (1 1/2 acra) fhéir le speal in aon lá amháin. Bhí an fear sin ó Chluain Uí Garnán, Críoch, Co. an Chláir.(continues on next page)