Scoil: Clohanes, Dún Beag

Suíomh:
Na Clocháin, Co. an Chláir
Múinteoir:
Mícheál de Bláca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0626, Leathanach 215

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0626, Leathanach 215

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clohanes, Dún Beag
  2. XML Leathanach 215
  3. XML “Fir Cháiliúla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fir Láidre
    Bhí fear láidir ins an ceanntar so fadó. Micheál Ó Dubháin, Cluain Úi Gharnán, Críoch, Co. an Chláir abh ainm dó. D'fhéádfadh sé dhá mála plúis, agus fice cloch meadhchain ins gach mála, d'iomchar agus d'árduigh sé cloch an-mhór ná raibh aoinne eile ábalta é d'árdú.

    Mná Suibhal
    Do chrúd bean Úi Uinsionn na ba ar maidin agus annsan do shiubhail sí go Inis agus thug sí mála ólna abhaile léi agus bhí sí thar n-ais chun na ba do chrúdh um thráthnóna. Bhí an bhean sin ó Chluain Úi Ghárnan, Críoch, Co. an Chláir.

    Fir Siubhail
    Shiubhail Micheál Ó Ceallaigh go Gaillimh chun capall do cheannach timcheall dachadh blian ó shoin. D'eug sé timcheall ceithre blian ó shoin.

    Fir Léime
    Fuair Ceann Léime, Co. an Chláir an ainm sin ó léim do thug Diarmuid Ó Dúibhne ó'n móirthír go dtí carraigh mór atá ins an bhfairrge in-aice leis. Bhí sean caileach ghá leanamhaint agus nuair tháinig sé go Ceann Léime, léim sé amach go dtí an carraigh. Lean an caileach é, léim Diarmuid ar ais arís agus thug sí iarracht ar é do leanmhaint acht thuit sí isteach sa bhfairrge, agus bádadh í.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge