Scoil: Clohanes, Dún Beag

Suíomh:
Na Clocháin, Co. an Chláir
Múinteoir:
Mícheál de Bláca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0626, Leathanach 173

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0626, Leathanach 173

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clohanes, Dún Beag
  2. XML Leathanach 173
  3. XML “Creach an Iarthair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Dabhac Mór do chuimhnigheadar ar a sean-chara Domhan na Daibhche (fear sidhe a bhí 'na chomhnuidhe sa Dabhach Mór - ar Chnoc a' t-Sodair) agus luíghadar agus bhéiceadar air teacht i gcabhair ortha. Ní túisge a dheineadar, na cas an céad beithidheach annsan ag Cnoc na Cuiginne ( Árdán atá i Rinn na gConnacht), agus do réir an beal-oidis buaileadh cath millteach ar an gcnoc sin. Deirtear gur rith an fuil isteach innsan dá inbhear (Inbhear na mBallach idir Rinn na gConnacht agus an Dabhach Mór agus inbhear an Dúna Bhig ag beal Abann an Dúna Big). Do thiomáin muinntir an Iarthair a gcuid beithidheach abhaile leo agus níor bacadh a thuille leo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge