Scoil: Clohanes, Dún Beag
- Suíomh:
- Na Clocháin, Co. an Chláir
- Múinteoir: Mícheál de Bláca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (an ceanntar ó Chill Chaoi go Ceann Léime) (Beul-oideas)
Chuaidh buachaill aimsire go dtí an Iarthar ag loirg oibre fadó. Chuaidh sé ar aimsir go dtí feirmeóir áirithe agus níor iarr sé mar thuarastal, acht lán a bhirt d'arbhar nuair a bheadh an foghmhar bailighthe críochnuighthe aige. Bí san go maith agus nuair a bhí gach rud feistighthe ceangailte i gcóir an geimhridh, d'iarr an buachaill aimsire a thuarastal ar an bhfeirmeóir. Dubhairt an feirmeóir leis bualadh amach san iothlainn agus a bheart do líonadh. Amach leis agus líon sé stáca isteach san mbeart agus stáca eile, annsan do chuir an feirmeóir cosg leis agus dubhairt go mba chóir go mbeadh a dhóthain annsan aige. Chuir an buachaill a mhéar 'na bhéal agus leig trí feada. Thosnuig gach beithidheach ceithre gcos ó Ceann Léime ag imteacht soir ar a gcroidhe ndicheall. Tugadh iarracht ar iad do stopadh acht theip ortha. Lean na daoine bochta iad agus iad ag lógóireacht mar gheall ar an gcreach a deineadh ortha gan gádh gan riachtanas. Nuair a thángadar comh fada le Dúbeag agus nuair a chonnacadar an(leanann ar an chéad leathanach eile)