Scoil: Cúl Mín, Inis
- Suíomh:
- Cúil Mhín, Co. an Chláir
- Múinteoir: Dd. Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúl Mín, Inis
- XML Leathanach 274
- XML “Scoileanna Cois Claí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí scoil in Gort na h-Átha.Istigh i gcairéal láimh le Tig Uí Cheallaigh a bhí an scoil seo ar dtúis acht tar éis tamaill thógadar bothán de shaghas éigin. Bhíodh suas le 40 scoláire innte agus carraigreacha móra a bhíodh acu mar chathaoireacha."Láimhín" Ó Conghaile an chéád mháighistir a bhí innte, ó Chiarraighe ba eadh é siúd. Tugtaí "Láimhín" air toisc é bheith ar leath-láimh. Bhí sé roinnt éigin bhliadhan ag múineadh nuair a phós sé cailín ó Chill a' Disirt. D'éirigh "Láimhín" as an múinteóireacht annsan agus chuir sé fé i siopa i gCill a' Disirt. Tá sé curtha san roilig annsan le breis is caogadh bliadhan.Togha múinteóra ba eadh "Láimhín". Bhíodh sé ana-chrosta sa scoil. Mhúin sé léightheóireacht sgríobhóireacht Beurla Áireamh agus tá sé ráidhte gurbh é an t-aon mhúinteóir amháin a mhúin Gramadach dá scoláiribh.
Nuair d'imthigh Láimhín mhúin (-) Mach Oircinnigh annsan ar feadh tamaill acht is beag eolas a tá le fagháil 'na thaobh siúd.
B'é Seán Ó'Domhnaill an chéad mhúinteóir eile a bhí san Scoil sin. Duine ó Ghort na h-Átha ba eadh é siúd go raibh cos cham fé.(leanann ar an chéad leathanach eile)