Scoil: Cúl Mín, Inis

Suíomh:
Cúil Mhín, Co. an Chláir
Múinteoir:
Dd. Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0603, Leathanach 269

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0603, Leathanach 269

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúl Mín, Inis
  2. XML Leathanach 269
  3. XML “Leabaidh Dhiarmuda”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. "Tóruigheacht Dhiarmuda agus Ghráinne"

    Nuair d'imthigh Diarmuid O'Duibhne agus Gráinne ó Theamhair chuadar ar dtúis go Cúige Connacht. Chuireadar fútha in Doire Dhá Bhoth mar ar chóruigh Diarmuid leabadh dóibh. Ghluaiseadar as san ódheas go Sliabh Calláin in Dúthaig Dál' gCais is d'fhanadar oidhche ann. Go moch ar maidin bhogadar chun siúbhail ódheas arís is ghabhardar gach comhgar go dtí gur rug an oidhche orrtha i mBuaile Tighe Dubhlainn.
    Ar bhárr cnuic, annsan ós cionn na Sionainne bhailigh Diarmuid carraigreacha móra is chuir sé timcheall na leabthan iad ar an dtaobh thiar, thuaidh is thoir. In áirde orrtha san go léir chuir sé leac mhór throm is istigh fuithe chóruigh sé leabadh dheas de luachair dó féin is do Ghráinne.
    Tá an leabadh slán folláin ann fós acht amháin go bhfuil cuid den lic ináirde briste agus 'sé an t-ainm atá ag daoine na h-áite seo go léir air ná Leabadh Dhiarmuda.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge