Scoil: Crannach, Inis

Suíomh:
An Chrannaigh, Co. an Chláir
Múinteoir:
Mícheál Ó Maolchaoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0603, Leathanach 001

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0603, Leathanach 001

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Crannach, Inis
  2. XML Leathanach 001
  3. XML “Saibhreas fé Thalamh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá ór le fághail i gCaisleán Bhaile na Caillighe. Bhí an saidhbhreas ann ó am na Tuatha de Danainn. An uair sin bhí an t-airgead cúpla míle fé bhun talmhan acht deirtear gur chuir na sidheoga an t-ór fé bhun an chéid cloiche a cuireadh, tar éis na gcéadta mbliadhan. Na mílte bliadhan ó shoin iseadh a fuair na daoine amach go raibh saidhbhreas i dtaisge san áit. Níor deineadh aon iarracht riamh chun an t-ór dfághail.
    Aon Domhnach amháin tháinig bean isteach do thigh fir darbh ainm Ó Grádaigh a bhí in a chomnuidhe in aice an Caisleáin. Bhí gach aoinne timcheall na h-áite ag an Séipéal an lá úd ach amháin na fear seo. Ní fhaca aon duine an bhean sin ó shoin. Sidheóg a bhí inti is dócha acht nílim cinnte.
    "Uí Gradhaigh" ar sise leis an bhfear "tá ór le fághail san gCaisleán sin." (agus í á teasbáint an chisleáin le na méir.) "Geobhfhad-sa an t-saidhbhreas duith," ar sí arís "má caillfhidh tú súil ar mo shon." "Ní dhéanfad sin" arsan bhfear.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Liam De Brúach
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Pádraig De Brúach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Boirinn Fhada, Co. an Chláir