Scoil: Ceathair Dhúin Iascaigh (B.)

Suíomh:
An Chathair, Co. Thiobraid Árann
Múinteoir:
Liam P. Ó Conchubhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0569, Leathanach 192

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0569, Leathanach 192

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathair Dhúin Iascaigh (B.)
  2. XML Leathanach 192
  3. XML “Bacach na Léige”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    “Deacair is dith ort is fíor gur tusa atá ann
    Mar is deacair dul díot nuair luigheann tú sealadh ar greann
    Seo guí óm chroidhe cuir díot an talamh anonn.
    Is má thagann fear a tighe ort gheobhair díol an bhromaigh sa bhfabhal” (?)
    Ceannóchad-sa ríbín beidh ró-dheas fighte de’ n chnáib
    beidh ceann de ‘ge mo stór is go leor de fighte ar mo láimh
    Ar eagla aon stroaire gheobhadh im choinne sa t-sráid
    Go mbainfeadh póg nó dó de bhean an daill bháin.
    Ar chuala tu an t-éad bhí aréir ar mo ridire daill?
    Is gan bean ar a’ saoghal ná deanann le fear eile cainnc.
    Drisfead-sa an seula is sgaoilfead mo chocól féin gcoill.
    A’s ‘se aindeis a tsaogaoil cuir mé féin im ghiolla ‘gceann daill
    Chuadhar go Tir Eoghain fé dhó lem ‘ ridire daill.
    Ar rúd go Newport is go leor de conntae faoi Laighean
    Ag imtheacht lem ar fúd bóithre pluide is iad doimhin
    Is mo mhallacht go deó do’n té gheobhadh le duine gan radharc
    Níl bean ins a ‘ tír seo á aoirdeacht a maise is a cáil
    Ó Chaiseal na Riogh is as súd ó dheas go Newport.
    Ná sgéanfadh mo chroidhe oidhche fhada achaitheamh ina cóir
    Sin í eachtra an daill is gan mhoill iseadh bheimíd ag ól.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Dubhshláinghe
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Ruaidhri Ó Corbáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile Uí Bhéacáin, Co. Thiobraid Árann