Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Suíomh:
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Gromail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Má thagann faoileáin isteach o'n bhfairrge sin comhartha go bhfuil an aimsear go h-olc ar an bhfairrge.
Siad seo leanas comharthai fearthainne:-
An fhairrge a bheith go h-ana ciuin; An gaoth a bheith ag seideadh i gcoinnibh na gréine; Fáinne a bheith timcheall na gealaighe 'san oidhche; Na cnuic a bheith ag feachaint gairid do duine, Seangain a bheith amuich 'san oidhche; An spéir a bheith ana bhán agus an ghrian a' dul fe; Atharru obann i dtreo na gaoithe, Sgamaill dubha dorcha a bheith o's cionn Chnuic Maidhbhin, Na faoileáin a bheith ag eitilt go h-iseal, Itheann na madraí fear, tagann na dubhain-alla as a gcuid líon, agus bogha-leac a bheith 'san speir.
Siad seo leanas comharthaí stoirme:-
An fhairrge a bheith garbh i n-aimsir bhreagh, Sgamaill dubha a bheith ag gluaiseacht go mearr. Má thagann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Choileáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Séamas Ó Gríobhtha
- Inscne
- Fireann