Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Suíomh:
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Gromail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá mórán lios 'sa cheanntar so; Tugtar "Lios" ortha uilig beagnach ach cúpla ceann amháin ar a dtugtar "dun". Deirtear má sheasann duine ar lios amháin go bhfeiceann sé trí cinn (no naoi gcinn) uaidh. Tá cuma cruinn ar gach lios acu. Nil aon chrainn ach toir a' fás mór thimcheall na lios. Is eol dúinn go bhfuil seomraí no puill fé thalamh i ndá cheann de's na liosanna- Lios an Liaghain agus Cairn. Teigeann daoine isteach i Lios an Liaghain go minic, go mór mhór um Samhradh, nuair a bhionn an aimsear breagh. Dar leis na daoine b'iad na Lochlannaigh a dhein na liosanna, chun iad fein do chosaint ar naimhdibh. 'Se tuairim na ndaoine anois go bhfuil comhnuidhe ar na daoine sidhe agus na leipreachain ionnta."Dún"
Tá an lios san i mBeal Atha. Tá tortha bheaga a'fás ann. Fallaí mhaithe atá ann. Tá sceul ann go raibh comhnuidhe ar mhnaoí crosta ann uair. Tugtai " Cailleach Bheil Atha" uirthe. Bhi fear a' gabhail treasna lá 'sé ag marcuigheachtar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síle De Brún
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Séamas Ó Gríobhtha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Cearmada
- Inscne
- Fireann