Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi

Suíomh:
Cill Chaoi, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máire Gromail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0628, Leathanach 039

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0628, Leathanach 039

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
  2. XML Leathanach 039
  3. XML “Na Prátaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cuirimid prataí ar an bhfeirm gach bliain. Ullmhuigheann m'athair an talamh 'n-a gcóir. Deintear é do treabhadh agus d'fuirseadh céad uair, agus annsan deintear na drilleanna leis an gceachta. Is istigh idir na drilleannaibh san a chuirtear an síol. Usaideann gach feirm feirmeoir 'sa pharóiste ceacht iarainn, agus is 'sa tsiopa a ceannuightear é.
    Cuirtear aoileach nó leasú idir na drilleannaibh roimh no i ndiaidh an síol do chur. Usaidtear aoileach iothlann agus leasú ceimiceach ar a dtugtar "slag". 'Sé an fath go gcuirtear an leasú ar an dtalamh ná ionnus go mbeadh barra maith prataí ann. Gearrtear na pratai sil 'n-a sgiollanaibh agus ni mór dhá shúil nó breis bheith ins gach sciollán.
    Seo mar a cuirtear na sgiolláin: I n-iomairibh deineann duine amháin poll leis an Ramhainn agus saidhtear sgiollán 'sa pholl. Dúntar an poll leis an Ramhainn (no leis an dtuairgin) agus buailtear go maith é. Nuair a bhíonn na sgiolláin a gcur in-iomairibh deintear an cré do daingniú ag na taobhanna. Is amhlaidh a ceangailtear cloch
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. prátaí (~2,701)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Giolla Seanáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Uí Eoghanáin, Co. an Chláir
    Faisnéiseoir
    Seóirse Mac Giolla Seanáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Seoladh
    Baile Uí Eoghanáin, Co. an Chláir