Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi

Suíomh:
Cill Chaoi, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máire Gromail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0628, Leathanach 035

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0628, Leathanach 035

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
  2. XML Leathanach 035
  3. XML “Pósaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 'S'é an t-am de'n bhliain is mo phósann daoine 'san áit seo na'san Inid. Deirtear nach mbionn an rath ar dhuine a phósann ar an Aoine nó ar an Satharn. Seo thios rann atá ag na daoine 'n-a thaobh(i mBeurla atá sé acu)
    "An Luan do'n t-Sláinte
    An Mhairt do Táinte
    An Cheadaoin an lá is fearr ortha
    An Daordaoin do bhás
    An Aoine lá na gCros
    An Satharn an lá is measa ortha ar fad"
    Dar le daoine annso 's' iad na míosanna atá mi-rathmhar chun pósta, ná Bealtaine agus Lughnasa.
    Deintear cleamhnaistí 'sa cheanntar so go foill, ach go h-airighthe fé'n dtuaith.Tugtar airgead i gcomhnuide mar spré. Seo an tslighe a'ndeintear cleamhnas 'sa cheanntar seo; Deineann an buachaill (agus cara no do 'n-a theannta) coinne le h-athair an chailín 'san mbaile mór agus is ann a deintear an margadh. Iarrann an buachaill spré airighthe agus má bhíonn athair an chailín toiltheannthach é thabhairt deintear an margadh. An Domhnach 'n-a dhiaidh san, annsan, teigeann an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Líodáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Chaoi, Co. an Chláir
    Faisnéiseoir
    Máirtín Cuirtín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    78
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ros, Co. an Chláir