Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Suíomh:
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Gromail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ta cúig reiligi i bparóiste Chille Chaoi.1. Cill Fhiacra:-Tá roilig i gCill Fhiacra agus gheibheann sé a h-ainm ó'n áit. Míle go leith soir ó dheas ó'n mbaile atá sé. Tá sé i mbaile fearainn (-). Chiotar ó'n bhfioghar thíos cé'n cuma atá air. Tá fánaidh lei i dtreo an deiscirt. Tá sé roinnte i ndá chuid i.e. is leis na Catoilicigh an roinn is mó ortha san agus cuirtear protastúnaigh 'sa gcuid eile. Tá falla a' dheighilt ón a chéile agus geata fé leith a' dul isteach ionnta araon. Níl crainn na toir ann. Tá fothrach cille - beann amháin de 'san roilig Catoiliceach, agus tugann sé aghaidh ar an oirthear. Tá daoine curtha ar ghach taobh de'n bhfothrach san. Tá an roilig chomh lán san go ndúnfar an áit sar a bhfad. Cuirtear daoine ann go fóill ach go h-áirighthe. Tá cros nó leac os cionn furmhór na n-uaigh ach is le fiche bliain anuas a tógadh iad beagnách. Cuid de's na leacacaibh táid 'n-a seasamh anáirde go díreach ag ceann na h-ugha,(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Nic Chonmhara
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamas Mac Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Séamas Ó Gríobhtha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Cearmada
- Inscne
- Fireann