Scoil: Scattery Island

Suíomh:
Inis Cathaigh, Co. an Chláir
Múinteoir:
Nóra Ní Cholgáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0630, Leathanach 131

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0630, Leathanach 131

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scattery Island
  2. XML Leathanach 131
  3. XML “Féilí na Bliana”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Oidhche Shamhna:-
    Oidhche mhór grinn againn in Inis Chathaigh is eadh an oidhche seo. Cúpla lá roimh an oidhche téigheann daoine ó gach tigh amach go Cill Rúis chun na neithe seo leanas do cheannach, bairín, breac, ubhla, oráisti agus cnóite de gach saghas.
    Ithimíd an bairín, breac i gcóir an an tsuipéir . Bíonn a lán neithe istigh ann, mar atá: fáinne ceirt agus píosa lasán. An té a gheibheann an fáinne is é is luatha pósfar, an té a gheibheann an píosa lasán is é is luatha caillsear agus an té a gheibheann an ceirt beidh se bocht i rith a shaoghail.
    Nós eile atá againn fós ná ag cur cnó i naice a chéile ar an iarta. Bíonn ainm cailín ar chnó amháin agus ainm bhuachalla ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ghríobhtha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Inis Cathaigh, Co. an Chláir