Scoil: Baile Ard
- Suíomh:
- An Baile Ard, Co. an Chláir
- Múinteoir: Tomás Ó Floinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Ard
- XML Leathanach 120
- XML “Seanfhoirgnimh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Atá sean fhothrach de séipeal i gCill Áird tuairim is míle ó'n sgoil. B'é an príomh seipeal do'n paroíste seo fadó.Dóigeadh é ag Cromail agus ag a shaighdiúrí sa mbliadhain 1649 - dachad bliadhan iar da dtóigeadh é. Ta roilig le'n a (?) anois.
Lá amháin dá raibh an Aifreann Naomhtha dhá ofráil suas ag an Athair Briggi tháinig Cromail agus a shaighdiúrí agus thímcealluigheadar an séipeal.Na daoine a bhí a' fanacht ar an dtarna Aifreann nuair a chonnaiceadar na sáighdúirí, do ritheadar ina dtreo le chuile sórt airm agus picí go bhfeadaidís greim d'fághail ortha. Ni raibh maitheas ar bith leo mar bhí an(leanann ar an chéad leathanach eile)