Scoil: Curratavy

Suíomh:
Corr an tSamhaidh, Co. an Chabháin
Múinteoir:
E. Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0964, Leathanach 111

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0964, Leathanach 111

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Curratavy
  2. XML Leathanach 111
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Leigheasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    léigheamh díthe. "Tá mé ró-gnoitheach" ars an sagart "ach fogluimeachaidh mé na focla duit fhéin. "Núair a rachas tú na bhaile leag do laimh ar an mhart agus lé na linn sin abair na focla seo
    "Má bhíonn tú beó, beidh tú beó,
    Agus má gheibh tú bás beidh tú marb
    Agus beó nó marbh is beag an chaill é."
    Rinne an bhean mar h-iárradh uirthí agus fúair an mart biseach. Tamall ghearr ina dhíaidh seo deirigh an sagart fhéin tinn agus bhí sé a thachtadh lé cnap ina scornach. Bhí búaidhreadh mhór ar an mnaoí agus cuaidh ag amharc ar an sagart agus diárr sí cead é a fheiceal. Fuáir sí cead. Crom sí síos os a cionn agus leag a lamh ar cionn agus arsa sise,
    "Ma bhíonn tú beó beidh tú beó,
    Agus ma gheibh tú bás beidh tú marbh,
    Agus beó bo marbh is beag an chaill é.
    Núair a chúala an sagart seo rinne sé gairidhe mhór bris an cnap ina sgornach agus bí sé léigheasta leis an oifig.

    Ailís Rós Ní Mhaghnuis, Rang 7th
    Fúair mé an sgeul seo o Sean Maguidhir
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Léigheas fáinne
    Uisce cloiche gan iarraidh. Ní do iarraidh a thainig mé, tabhair an fáinne seo leat.

    Léigheas déideadh:- Shuidh Peadar ar lic omra.
    Thainig Íosa os a cionn
    "Caide sin ort a Pheadar."
    "Se mo leiceann ata tinn."
    "Eiríg súas a Pheadair agus beidh tú slán,"
    Ní tú amhain ach gach éinne a coinneachas na focla i sgriobnoireacht no ina mheabhair ní beidh an déideadh in aon ghíall amhain go bráth.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.