Scoil: Curratavy
- Suíomh:
- Corr an tSamhaidh, Co. an Chabháin
- Múinteoir: E. Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curratavy
- XML Leathanach 110
- XML “Urnaithe - An Faoistin”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Athnuighim a Dhía móire, naomh Muire ata ar taobh na h-Óighe,
Naomh Micheal Árd Aingeal, Naomh Peadar agus Pól agus naomh Eoín baiste,
naomh patrún Phádraig agus gach eile naomh gur peacach bocht mé.
Peacaidhe go trom, trom, lé droch smaointí, droch gniomharcaí, agus cionn faíllighe. Ach anois ar an adhbhar sin tá mé ag iarraidh maitheamhnas ar an Athair Shíorruidhe agus ortsa mo Athair Faoistín o úair mo bháis tidhe go dtí úair mó bháis.
* * *
In áit an "Glór don Athair" ins an Cargaois deirtear,
Molann muid thu a Iosa Criosta,
Freagra:- Molann muid anois agus go bráthach.
* * *
Ar n-Athair ata ar Neamh, go naomhthar d'ainm, go dtigidh do riogacht, go n-deantar do thoil ar an talamh mar gnidtear ar Neamh.
Ar n-áran laethamhail tábhair duínn indiú agus maith dúinn na bfíacha, mar maitheann muid inne ar bhfíachanna féín, na leig sin i gcathughadh ach saor sin ó olc. Amen.
Fúair mé na h-urnaighthe seo o mo athair-mhór, Sean Mághuidhir ata ceithre scór agus ocht blíana d'aois. - Bean a rabh márt tinn aici. Chuir sí chuig an tsagairt agus d'íarr sí air oifig a léigheamh don mhart. "Deanfhaidh mé sin agus fáilte" ar seiseann. Ach núair a chúaidh sí na bhaile ní rabh biseach ar bíth ar an mhairt. Phill sí arais agus d'iárr sí ar an tsagairt oifig mhaith a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Ailís Rós Ní Mhaghnuis
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Sean Maguidhir
- Inscne
- Fireann