Scoil: Caroreigh (uimhir rolla 6700)

Suíomh:
An Cheathrú Riabhach, Co. Loch Garman
Múinteoir:
Séamas Ó Cellaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0883, Leathanach 003

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0883, Leathanach 003

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caroreigh
  2. XML Leathanach 003
  3. XML “Scéal Oíche Mhártain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí sé de nós ag iascairí Loch gCarman gan dul amach ag iascaireacht Oidhche Mártain mar níor mhaith leo beith ag obair Oidhche Féile a bPatrúin.
    Uair amháin amhthach, chuaidh mór-cuid de's na h-iascairí amach ina mbadáibh mar oidhche breá gealaighe a bhí ann. Ní fada a sheoladar nuair a chonnacadar radharc iongantach. Chugadar fé ndeara marcach ag marcuigheacht ar mhuin capaill liath ar an bhFairrge. Bhuail scannradh cuid aca agus d'fhilleadar abhaile. Amh bhí cuid eile aca ann go raibh sé dánaidheacht ortha dul ar aghaidh.
    D'eirigh anaithe go h-obann agus bádadh gach duine díobhtha-san a chuaidh ar aghaidh. Na fir a d'fhill abhaile sabháileadh iad agus ó shoin i leith ní théigheann iascairí Loch gCarman amach ag iascaireaccth an oidhche sin. Deir siad gurab é Naomh Mártan féin a chonnacthas an oidhche sin.

    (Scriobhtha ag Eilís Óg De Beanbhail, Sean-abhall, a chonnaic ar an bpáipéar é)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Mártain (~177)
    Teanga
    Béarla
    Bailitheoir
    Eilís Óg de Beanbhail
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Seanabhaill, Co. Loch Garman