Scoil: Caroreigh (uimhir rolla 6700)
- Suíomh:
- An Cheathrú Riabhach, Co. Loch Garman
- Múinteoir: Séamas Ó Cellaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caroreigh
- XML Leathanach 001
- XML “Cros Tigh Munna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá seana-chros i dTeach Munna agus tá sé suidhte san talamh a ghabhann leis an séipéal Protastúnach atá díreach ar aghaidh an seana-chaisleán. Deirtear gur pléascadh géag amháin de in aimsir Cromuil. Cé go bhfuil sé suidhte i dtalamh Protastúnach tá sé beannuighthe agus cuirtear Caitilitigh ann fós. Ag bun na croise tá cuid de'n chloich ídighthe i dtreo 's go bhfuil poll ann agus bíonn uisce ann i gcomhnuidhe nach mór. Creideann cuid de's na daoine go bhfuil comhacht leigheasa 'san uisce sin agus nuair a bhíonn na daoine sin i láthair ag socraid ann, deineann siad comhartha na croise leis an uisce sin. Taisbeánann san go gcreideann na daoine i gcómhacht an bheannuighthe a cuireadh ar an sean-chros Ceilteach sin atá CHOMH MAITH indiu is a bhí ariamh.
(bailighthe ag Cáit Ní Murchadha ó Mhicheál O Murchadha, buachaill aimsire an t-sagairt)- Bailitheoir
- Cáit Ní Murchadha
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál O Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)