Scoil: Clonmellon (B.) (uimhir rolla 9500)

Suíomh:
Ráistín, Co. na hIarmhí
Múinteoir:
P. Ó Droighneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0725, Leathanach 003

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0725, Leathanach 003

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clonmellon (B.)
  2. XML Leathanach 003
  3. XML “Na Chapmans”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a thainig na Chapmans annseo ar dtús, bhí sean-chaislean Killua ann. Chuir siad tuilleadh leis (an oiread eile a'sbhí annsin) agus tá caisleán breagh mór annsin anois (gidh go bhfuil na Chapmans féin imthighthe). Ní sílím go bhfuil an tsean-chuid féin de'n Chaisleán ro-aosta acht is furas a fheiceáil go bhfuil aon leath de níos sine 'ná an leath eile. Tógadh ballaí cloiche thart timceall achair mhóir talaimh de "estate" mór a dheanamh a mbéadh an caisleán in-a lár. Bhí an bealach mór puiblidhe go Baile Átha Buidhe ag gabháil tríd an talamh sin, agus caidé rinne na dáoine córa acht an bóthar sin a reábadh suas agus ceann eile a dheanamh do'n phobal le nach mbeádh na daoine coitcheannta agus a gcuid imtheachta fá amharc chuid uaisle an chaisleáin. Tá rian an tsean-bhealaigh-mhóir le feiceáil tríd chúrsa an Golf Links go fóill agus corr-cheann de na sean-chrannte a bhíodh ar taoibh an bhóthair 'na seasamh go fóill. Rinne siad casáin phríobaideatha ó Cluain Mioláin thart fá thaoibh an Chaisleáin amach go dtí na bealaigh móra ag gach taoibh de'n estate. Thaosg siad agus ghlan siad an loch, chuir siad crainnte agus rinneadh áit de chomh deas a's chonnacthas ag Tighearna Talmhan in Éirinn ariamh. Bhí na slóighre obrightheoírí ar páidhe acú.
    agus a gcuid searbhfhogantaidhthe toighe go flúirseach fá chulaith ghiomanaigh (livery). Acht 'siad nach bhfuar mórán in-áisce mar sglabhuighthe. 7/= sa tseachtmhain an duine an ghnáth-pháidhe rith an gheimhridh agus 8/= sa tseachtmhain sa tsamhradh. Bualadh clog an Chaisleáin ar a h-ocht a chlog gach maidin agus glaodhadh amach an Rolla a rabh ainmneacha na n-oibridhthe air. An duine nar fhreagair a ainm, dfheád sé fanacht sabhaile an lá sin nó baineadh páighe an lae de ag deiread na seachtmhaine.
    Bhí teach-chomhnuidhthe ag teaghlach darbh ainm Ó Máirtín
    == Chluinim gur de shliocht na Chapmans "Lawrence of Arabia" agus gur Governess a bhí leis an teaghlach a b'eadh a mháthair agus nar pósadh a thuismightheóirí chor ar bith.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge