Scoil: Loughcrew (uimhir rolla 6488)

Suíomh:
Loch Craobh, Co. na Mí
Múinteoir:
Eibhlis, Bean Uí Sheinchín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0717, Leathanach 006

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0717, Leathanach 006

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loughcrew
  2. XML Leathanach 006
  3. XML “Cnoic Loch Craobh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Cathaoir na Caillighe" air. Fadó riamh bhí sean-chailleach ann darbh ainm "Cailleach Beartha".
    Nuari a bhíodh cleachtadh cuirp ag teastáil uaithi théigheadh sé ag léimrigh ó bharr go barr ar na cnocaibh agus a h-aprún lán de clocaibh aice. Uaireannta, thuiteadh cuid des na clocaibh anuas.
    Nuair a thagadh tuirse uirthí shuideadh sí síos ar an suidheachán cloiche agus, ar an gloich atá ag bun na cathaoireach, tá lorg a píopa le feiceáil fós in-áit 'na gcuireadh sí síos é. Nach aicise a bhí an saoghal !

    Éibhlín Ní Sheinchín,
    Loch-Craoibhe,
    Sean-Chaisleán
    Fuair mé an scéal ó mo mháthair
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Éibhlín Ní Sheinchín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Loch Craobh, Co. na Mí