Scoil: Loughcrew (uimhir rolla 6488)

Suíomh:
Loch Craobh, Co. na Mí
Múinteoir:
Eibhlis, Bean Uí Sheinchín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0717, Leathanach 005

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0717, Leathanach 005

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loughcrew
  2. XML Leathanach 005
  3. XML “Cnoic Loch Craobh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is iongantach an tsuim a chuireann na h-arsaidhtheóirí ins na cnocaibh thart fé Locha Craoibhe le déidheannaighe agus gach bliadhian tagann dhá bhus lán des na daoine seo chun cuairt a thabhairt ar a mbárra.
    Tá na cnuic seo suidhte dhá mhíle nó mar sin ó dheas ó Sean-Caisleán. Deirtear go feidir cúig conntaethe déag d'feiscint ó bharr na gcnoc. Tá casán ag síneadh suas beagnach go barr an chnuic, agus tá coill tuibh de guimhaisibh leath-shlighe suas.
    Uaigeanna 'seadh na h-uamhanna seo 'nar cuireadh cuid de Righthibh is de laocra na h Éireann fadó. Deirtear gur adhlachadh an t-Ollamh-Fodhla ar bharr Sliabh na Caillighe.
    De chlocaibh beaga scaoilte a rinneadh na cairne agus taobh istigh tá bealach a leigeann isteach an duine go seomra beag cruinn. Tá saghas Oghaim ar na clocaibh taobh istigh.
    Taobh amuigh de cheann des na cairnibh seo tá cathaoir cloice go dtugtar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Éibhlín Ní Sheinchín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Loch Craobh, Co. na Mí