Scoil: Clochar Loreto, An Uaimh (uimhir rolla 16100)

Suíomh:
An Uaimh, Co. na Mí
Múinteoir:
An tSr. M. Colm
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0699, Leathanach 114

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0699, Leathanach 114

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar Loreto, An Uaimh
  2. XML Leathanach 114
  3. XML “Seanscéal Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean -Scéal eile
    Bhí fear i na chomhnuidhe i n-Inis-bó-finne uair amháin.
    Tháinic sé go h-Ailt-an-Chorráin tráthnóna amháin agus d’fhan sé ann go dtí go rabh sé iongantach mall san oidhche. Nuair a thug sé aghaidh ar an bhaile bhí sé a h-aon ochlog, ach ní rabh uaigneas ar bith air. Chuaidh sé síos go dtí an chéidh agus chuir an currach ar an uisce. Ní rabh sé abhfad amach ón chladach nuair a chualaidh sé na daoine ag scairtigh air i na ainm fhéin. “D’amharc sé thart agus chonnaic i na seasamh ar an chladac. “Phádraic”, ar siad-san. “Caidé tá sibh a iarraidh” arsa Pádraic.
    “An dtiocfaidh tú linn fá choinne oidhche spóirt” ar’ siad-san.
    “M’anam, go racaidh” arsa Pádraic, “bal”, “tar isteach agus fágh an currach ar an talamh”, ar ’ siad-san.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Nic Pháidín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Ghib, Co. na Mí
    Faisnéiseoir
    Éamonn Mac Grianna
    Inscne
    Fireann
    Aois
    35
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall