Scoil: Clochar Loreto, An Uaimh (uimhir rolla 16100)

Suíomh:
An Uaimh, Co. na Mí
Múinteoir:
An tSr. M. Colm
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0699, Leathanach 086

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0699, Leathanach 086

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar Loreto, An Uaimh
  2. XML Leathanach 086
  3. XML “Déanamh Gach Duine mar a Dhéanfas Mise”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    siad-san ortha na bróga agus sin an áit a mbeadh an chuideachta.
    Ansin deireadh an fear eile:-
    "Déanamh gach duine mar dhéanfas mise:-
    Chaitheadh sé de a bheiste agus b'fheidir go gcuirfeadh sé air í leis an taobh chontráilte amuigh agus chuirfeadh an chuid eile órtha an bheiste agus an taobh cheart amuigh de agus an méid na rabh dubh daobhtha an chéad uair bhí sé dubh go leór an dara h-uair. Ní rabh a dhath le féiceal bán daobhtha ach a gcár agus an bán a bhéadh in a súila agus na liobra dearga,
    Bhal dá mbéadh sruthan beag ar bith a chomhair an toighe chaitheadh siad a ghabhail agus iad féin a nighe agus bheadh siad tamall maith ag baint an t-suidhche as a gcraiceann. An mhuintir a bá bhrónaighe ins an teach chaithfeadh siad gáire a dhéanamh faoi na buachaillí dóigheamhla nach rabh aon bhall daobhtha
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Pháidín
    Inscne
    Baineann
    Aois
    45
    Seoladh
    Baile Ghib, Co. na Mí
    Faisnéiseoir
    Eoghan Mac Pháidín
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile Ghib, Co. na Mí