Scoil: Dubhloch, Cill Mháille (uimhir rolla 14698)
- Suíomh:
- Dúloch, Co. an Chláir
- Múinteoir: Tadhg Ó Maoldhomhnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé an sort cuigean ata againn sa bhaile ná,Saghas Bairille agus Framha fé agus dá lam ar chun e casad. Ta poll ar taob amain de agus clúdac ar.
ar dtúis cuirtear uisce te isteac ann cun é do théidheamh. Leigtear amac arís é agus cuirtear bainne isteac ann san caithtear i dteac an t-uactar agus cuirtear gráinne salainn agus braon d'uisce beannuighthe isteac freisin. Cuirtear an cludac ar annsann agus deantar e casadDeintear im uair amháin tseactmhain. Ma thagann stróinseir isteac is linn na cuiginne ní fiolár dó greas a bualadh uirthe. Deirtear gur bféidir le daoine airithe an t-im do breith le le comhact draoidheacta. Nuair a buaileann sé an greas ní féidir leis aon im do bhreith. Uair an cluig a caithtear cun an t-im dhéanamh.
Nuair a bhítear ag dhéanamh im brightear na lamha mar is amhlaidh a cuirtear na lámha ar lamh na cuiginen agus castar é sa slighe sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)