School: Coore (Cora), Mullach (roll number 10191)
- Location:
- Coor West, Co. an Chláir
- Teacher: Pádraig Midheach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Coore (Cora), Mullach
- XML Page 372
- XML “Tomhais - Riddles”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- RiddleNí'l sé amuich ort. Ní'l sé istig ort. Tá sé ort. Is ní trom leat é.Ans. T'ainm
RiddleDhá ghé roimh gé. dhá ghé i ndiaidh gé. Gé idir dhá ghé.
An mó gé é sin?Ans. Trí chinn
RiddleChuaidh suas an bóithrín
Thánga anuas an bóithrín
Is thugas an bóithrin liom ar mo dhroimAns. Dréimre
RiddleTá sé thoir, tá sé thiar
Tá sé i ngáirdín Bhaile Áth Cliath
Is mo a greim, ná greim capaill
Is ní bhlaiseann sí biadh.Ans. speal
RiddleLán na páirce de ghamhnaibh bána
Is gamhainín dearg eatortha istig.Ans. Na fiacla agus an teanga
RiddlePinginn, Pinginn, dhá phinginn
Pinginn go leith, is leath-phinginn
An mó é sin?Ans. Raol
Riddle Tháinig sé isteach, ar dhrom na ndaoine (?)
Is chuaidh sí amach, cómh mín le síodaAns. Móin(continues on next page)