Scoil: Cluain an Droma, Mullach (uimhir rolla 5267)

Suíomh:
Cluain an Droma, Co. an Chláir
Múinteoir:
Brian Ó Huiginn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0624, Leathanach 238

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0624, Leathanach 238

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain an Droma, Mullach
  2. XML Leathanach 238
  3. XML “Scéal Chill Stiofáin (nó Cill Stoithín)”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fuaireas an scéal seo cúpla bliadain oshoin ó Mathgamhan Mac Raghnaill fear in aois a 75 bl. nách maireann fé láthair ach ag a raibh moráin bealoideasa mór mhór sean scéalta. Tógadh é sa mBaile Beag láimh le leacht Uí Chonchubhair agus bhí teacht aige ar mhórán de sean laimh-scríbhinnibh an Chruitínig, file agus muinnteóir cois claidhe, do chuireadh fé 'na thig san am atá caithte. Scéal é seo faoi oilean draoidheachta a deirtear fós imeasc muinntir na háite go dtagann sé aníos as an bhfairrge in aghaidh gac seacht mbliadhain. Tá cur síos air i sean láimh scribhinn de chuid manaig éigin i gConndae Mhuigeo. Deir an tagairt sin atá le fághail i " Westropp's Antiquarian Survey of Clare "
    " High the billows roll o'er lost Cillstefeán
    Its palaces and towers of pride
    All buried in the rushing tide
    And the deep sea green. "
    Dréir bealoideas na h-áite tá an oileán suidthe i mBádh Lios Ceannúir idir Ceann Caillighe agus Rinn Roinnín ar thaobh Sráid na Cathrach den Leacht. Is cinnte gan ean agó go bhfuil talamh éigin fén bhfairrge annsan mar gur thárla crith talmhan éachtach san áit sin timceall 840 A.D. a bháidh morán agus a dhein trí coda de Oileán na gCaorach ( Mutton Island )
    Ach cuireann an scéal seo sias morán an am a thárla an bádhadh mar gur in aimsear na Féinne a tharla na néithe seo leanas:-
    Brian S. O-Uiginn O.S.
    as Leacht Uí Concubhair Co. an Cláir
    Do scríobh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1889H: Submarine Otherworld
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brian S. Ó h-Uiginn
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Leacht, Co. an Chláir
    Faisnéiseoir
    Mathghamhain Mac Raghnaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Seoladh
    An Leacht, Co. an Chláir