Scoil: Mullach, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 3928)

Suíomh:
Mullach, Co. an Chláir
Múinteoir:
Proinnsias Ó Sandair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0624, Leathanach 034

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0624, Leathanach 034

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mullach, Sráid na Cathrach
  2. XML Leathanach 034
  3. XML “Faisnéis ón Éanlaith agus Ainmhithe”
  4. XML “Faisnéis ón Nádúr”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a chímíd sléibhte Beanna Beóla no sléibhte Cíarraidhe ana cómhgarac dúinn, bímid ag brath ar bháisteach.
    Aon úair a bhíonn caipín no "doud" ar Shlíabh Calláin sin cómhartha maith go mbeidh baisteach againn.
    Áon úair a bhíonn an fhairrge go feargach agus í ag féacaint go dubh agus salach sin rían go mbíonn aimsear briste ag teacht.
    Nuair a cloistear fúm na go soiléar ar an dtáobh thíar sin rían báistíghe. Ac nuair a cloistear i go soiléar ar an dtaobh túaidh sin cómhartha aimsire breágh.
    Nuair a cítear na mílte cuileóga ar na fuinneogaibh agus nuair a thosnúigheann síad ag piocadh thú sin cómhartha go mbíonn aimsear fliuch ag teacht.
    Ma fheicimíd na mílte siongáin ag siubhal ar na páirceannaibh agus ar na bóthairibh bimíd ag brat ar dhroch-aimsear.
    Aon úair a thosnúigheann na cíaróga ag siubhal mór-thímceall an tíghe bimíd siúrálta droc aimsear d'fháil.
    Nuair a thosnuigeann na creagair ag glaodhach ar chúl an tineaín bimíd ag brath ar dhroch-áimsear.
    Nuair a théigheann an deatac súas go díreach as an t-simne sin cómhartha báistíghe.
    Nuair a bhogann an t-sughaidh sa t-simné agus nuair a tuiteann sé anúas sin cómhartha go mbíonn aimsear bog ag teact

    Máirtín Mach Flanncaidhe, Cathair Liagán
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Mac Flanncaidhe
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceathrú an Logáin, Co. an Chláir
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Flanncaidhe
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceathrú an Logáin, Co. an Chláir