Scoil: Mullach, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 3928)
- Suíomh:
- Mullach, Co. an Chláir
- Múinteoir: Proinnsias Ó Sandair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a eitileann na fáinleóga go h-iseal sin comhartha báistighe. Ach má eitileann siad go h-árd sin rian go mbeidh aimsear breágh againn. Nuair a chloistear na coirrliúin ag gláodhac san oidhche bimíd ag brath ar aimsear fliuch do theacht. Aon úair a thuirlingeann na preacáin agus nuair a cítear iad ar na fallaí ag réabhadh an chré sin comhartha go mbeidh báisteach againn sar I bhfad. Má eitileann na spideóga suas go bárr na gcrann, bimíd siúrálta áimsear breágh d'fháil. Ach ar an dtaobh eile má fhanann siad I mbun na gcrann sin comhartha go mbeidh droch-aimsear againn. Nuair a phiocann na cearca iad féin sin comhartha maith go mbeidh droch aimsear againn.
Má shuidheann an cat agus a dhrom iompuighthe chun na teine Deirtear go mbíonn droc aimsear ag teacht. Aon úair a sgríobann an cat an stól nó an chatháoir sin comhartha stoirme. Nuair a chloistear na laóigh agus na ba ag géimneac tráthnóna Samhraidh sin rian tórnaighe. Má feiceana tú an ghabhar ag ingheilt go h-ocrasach ar maidin bimíd siúrálta lá fliuch d'fháil. Ach ar an dtaobh eile ma fheiceann tú é ag seasamh leis an bhfalla agus gan fónn bídh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirtín Mac Flanncaidhe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú an Logáin, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Flanncaidhe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú an Logáin, Co. an Chláir