Scoil: Mágh, Leacht Uí Chonchobhair (uimhir rolla 4951)

Suíomh:
Maigh Mór, Co. an Chláir
Múinteoir:
Risteárd Mac Risteáird

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Dall Bán Heffernan

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0622, Leathanach 070

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

70
Dall Bán Heffernan.
Do bhí Dall Bán "Heffernan ina chomhnaide garrad don áit seo uair amháin..Do bhí sé dall nuair a rugadh é acht scolaire ana-mhaith do bheadh é ina dhiaidh sin.Lá amháin bhí sé ag dul
go dtí ráiseanna a bhí san Baile Chómhrí agus casadh fear na comharsan ar an mbóthar agus dubhairt sé leis :-
"Ca bhfuil tú ag dul a Dhaill Bháin",?
"Táim ag dul go dtí an ráis", adubhairt Dall Bán.
",adubhairt Cad é an gnó ata agat go dti an ráis dár ndhó ní feicfidh tú aoinne a bíodh ann ",adubhairt?arsan fear.
",adubhairt Cuirin geall leat go bhfagad amach cabhán Sheáin Ui Thúasmá",
"Cad é an geall a chuiradh tú liom ",arsan fear .
Cuirfadg mé an méid atá agam ,cúig scilling déag "arsa Dall Bán"acht caithfidh tú mé a thabhairt go dtí béal an cead chabháin",
"Bíodh ina margadh ",arsan fear.
Nuair a thaingeadar comh fada leis an chead chábhán do bhuail sé taobh de ln na maide agus cubhairt sé :-"Is cothalach glas an sceach é seo ar thón do thighe "
Do dhein sé é sin nuair a tháinig sé go dti ceithre nó cúig cábhán agus fe dheire tháinig sé go dtí cábán Sheáin Ui Thúasmá",agus dubhairt se :-
"Is cothalach glas an sceach é seo ar thón do thighe ",
"O iseadh " ,a dubhairt Seán "leag na firibh san isteach ag ól na
díghe ",
"Ná r mhinic a bhí mac mo athar gan lúach an óil aige "arsa Dall Bán.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Naoise
Inscne
baineann
Aois
12
Seoladh
Maigh Mór, Co. an Chláir
Faisnéiseoir
Séamus Ó Naoise
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Aois
56
Seoladh
Maigh Mór, Co. an Chláir
Teanga
Gaeilge