Scoil: Mágh, Leacht Uí Chonchobhair (uimhir rolla 4951)

Suíomh:
Maigh Mór, Co. an Chláir
Múinteoir:
Risteárd Mac Risteáird

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Mágh, Leacht Uí Chonchobhair | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0622, Leathanach 047

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

An Bríanach Tréan


A gaedhil 'sa cháirdhe 'gus mar tá sibh
Is buadhartha an cás tá mé ag dul a luaidh
Ár rúnaidhe áluinn an Bríanach grádmhmar
Bheith ag fághail slán againn go luath.

(II)
Is mó oidhche aerach bhí againn le chéile
Ar Scoil Mháigh Mhóir is Lios Cheannúir
Ag spórt is ag pléidhreacht agus ag ínnsint scéalta
Agus Tadgh Ó Ruadhain dhá radadh dhúinn

(III)
Ar son nách Gaedhilgeóir ó thúis a shaoil é
Do chuir sé spéis agus suim san ghnó
Chum an Bearla tacair do ruagadh as Éireann
'S' ár dteang Ghaedhilge a chur fé réim go deó

(IV)
Nauair a thagann Béacaí is ár rúnaí gléigeal
Míchéal O Ríadaigh agus Seán O Maoileóin
Cuirfid na ranga le céile a leabhar ag gach aoine

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge