Scoil: Mágh, Leacht Uí Chonchobhair (uimhir rolla 4951)
- Suíomh:
- Maigh Mhór, Co. an Chláir
- Múinteoir: Risteárd Mac Risteáird
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mágh, Leacht Uí Chonchobhair
- XML Leathanach 044
- XML “Amhráin a Canadh sa Cheantar - Amhrán na Cruaiche”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)44
Cad do ruaig as do leaba thú an taca seo id'shuidhe
Pé go bhfuil tú ag ceapa gurbh'e an lá é
1V
Feach ar an ngealaing no machaire spéir
No ar labhair a fhuiseóg ta i mbaile na gCraobh
Acht seo leathsa abhaile agus beadsa in do dhiaidh
Nuair a chodlóchaidh me neallbeag fe shásamh V
Nuair a fhuaras an solas d'eirigheas im'shuidhe
Do ghabh mé mo chapall agus níor dhein mé faillighe
Do fuaras an rópa agus peire gardái
Agus do luasas ar lom cos ináirde. V1
Ní raibh an súd romahm acht sean fheara gan bhrígh
A raibh casachtach cruaidh orrtha agus duairc ar a gcroidhe
Go mb'fhearra dhuit go mór íad do chaitheamh as do slighe
Ná an ainm a bheith ortha le h-áireamh. V11
Ba ró fhuirist a aithint agus sé dubhairt a lán .
Nuair a thánaig Crochúir O Carmoda 's a capaillín bán
Go mba cruaic s a bheadh slachtmhar a bhun go dtí a bharr
Mar is fear é a raibh tuisgint in a ghnó aige V111
Bhí ciall agus éifeacht le fágail in a choinne
Agus fonn an mheid fhada do phaiste do scriobh
Ba cuideachta leat seal de bheith in adh leis
'S niorbh fhada leat seal de bheith in ádh leis(leanann ar an chéad leathanach eile)