Scoil: Mágh, Leacht Uí Chonchobhair (uimhir rolla 4951)

Suíomh:
Maigh Mór, Co. an Chláir
Múinteoir:
Risteárd Mac Risteáird

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Mágh, Leacht Uí Chonchobhair | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0622, Leathanach 043

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

43
Na go n-áireamhtar suas ortha an pínnae
'S is mó é an an cíos le seifteáil
Do thabharfainn -se an comhairle mait díbh -se
Da ngalcfadh sibh cainnt amadáin
Breith ar an tae-pot go íogmhar
Is gan scarúint leis coiche as bhúr láimh ,
Go dteigheadh sibh ós chionn puill an diocháin
'S é an ruaga uaibh síos ann go bráth.

Amhrán na Cruaiche

Ar maidin Dia Sathairn is mé im' leaba luighe shuan.
Bhí smúit ar an nGealaig 's an lá geala suas.
Do thánaig chugham teachtaire ba nimhneach a luas
Agus sé na raibh fuar ná faillitheach.
11
A Chrochuir a chara nó an marbh a táir?
Is tú bheith id codladh chómh fada sin sa lá
Is chugat a chuir m'athair mé a d'iarraidh ar do pháigh
Nó go dtabharfadh sé cúiteamh in áit duit
111
A dhuine tá im'iarraidh ní aithním do chainnt.
Acht ba dóigh gur tú Andríasa mac Pheadna Chómhraidhe .

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge