Scoil: Mágh, Leacht Uí Chonchobhair (uimhir rolla 4951)
- Suíomh:
- Maigh Mhór, Co. an Chláir
- Múinteoir: Risteárd Mac Risteáird
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mágh, Leacht Uí Chonchobhair
- XML Leathanach 042
- XML “Amhráin a Canadh sa Cheantar - Amhrán an Tae”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)42
No 'na luighe cúil a cinn sa chlíabhán
Nuair d'fhagainn an gal as cóid h-ard
Ní mór na go gcaillfaí de'n bhrígh íad
Mar a bhfaghaidís trí braon de ar sliogán
Fadó nuair na bíodh se ag ár sinnsear
Bíodh fir ann go bríomhar folláin
Ba annamh ag gearáin tinneas cinn íad
Ná pianta rith síos in a gcnáimh
Ba bhreagh leat leat íad ar iomaire caoinigh
Ná ag iompó sceamhád ar chlais -bháin
Acht anois sul fé dtagaid an oiche
SIn lagar in a gcroidhche 's creathán
Chun críochnú gairid mo chainnte
Ní dhearfadh in a thímpeall morán
Sé an tae seo tá ag creacha na tíre
Is dá bfágaint gan tinnte ar a gcnáimh
Nuair a d'eirighidís na seana -mná san oiche
Dhá uair no trí roimh an lae
Sé bó na leath-hadharca tá fhios acu
Sícaithte leath taobh an chorcáin
Ni fhanfaidh caoine óga sa tír seo
Da straca 's da congamh dá n-díbeart
An aiste seo a bhíos ag na mnáibh
Ní airightear anois 's arís e 'S ní chuirtear aon tsuim sa bheagán.(leanann ar an chéad leathanach eile)