Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)

Suíomh:
Forghleann, Co. an Chláir
Múinteoir:
Seán Mac Daibhid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 466

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 466

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Leathanach 466
  3. XML “An Bodach agus an Siúinéir”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    tamall acht ag bluibigheal, agus na deóra ag rith go flúirseach ar a shúilibh agus na prislí ina rópaí timcheall an bhéil, mar fágadh an teanga in a gríosga aige nách mór.
    Ní call a radh nár cuireadh an buachaill abhaile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Do bhí lanamha ann fadó agus is í mo thuairim ná raibh an saoghal ro mhaith acu air cuma éigin pe sgeul é.

    Do bhí lanamha ann fadó agus is í mo thuairim ná raibh an saoghal ro mhaith acu air cuma éigin pe sgeul é. Bhí an tsean-bhean i bfad nios sine ná an seandhuine agus is doca ná raibh puinn ceille aici. Do bhíodh sí dhá rádh gac aon lá da mbé thoil Dhé go bfaigeadh sé bas go mbead sí an sásta. Deiread an sean-duine gur bhreag a bhí aici a innsint agus gur mhear a rithfeadh sí on-bas do bfeiceadh sí ag teacht é. Deireadh sise na ritfeadh sí agus go mbeadh mile failte aice roimhis.
    Do bhí an sean dhuine seo an ghlic agus dubhairt sé leis féin go mbeadh fhios aige an raibh an tsean-bhean ag innsint na firinne. D'imthig sé lá agus rug sé ar an gcoileach a bhí amuigh sa chlos agus do bhearr sé é. Nior fhág sé oiread agus aon cleite amhain air. Sgaoil sé uaidh ar an ndoras é agus do bhuail sé féin isteach gan aon rud do leigint air.
    Annsan shuidh sé thuas i n-aice na teinne. Do bhí an fhuact ag cur ar an gcoileach mbocht nidh narbh iongnadh agus thainig sé isteach agus bhí sé ag bailiú leis go mall adh iarraidh dul i naice an teinne. Do chonnaic an sean-bhean ag déunamh suas uirthí agus cheap sí laithreach gurbh é an bás do bhí ann. Do bheic sí agus do sgead sí le h-eagla roimis agus ar sise, A bháis ná bac liomsa ach gabh anonn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.