School: Cathair Seircín, Inis Tíomáin (roll number 5186)

Location:
Cathair Seircín, Co. an Chláir
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 341

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 341

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cathair Seircín, Inis Tíomáin
  2. XML Page 341
  3. XML “Páirceanna agus a nAinmneacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    uirthí ó shoin.
    Tá ceann eile suidhte i ngleann agus tá talamh bog innti agus tá níos mó luachara na féir ag fás ínnti. Sin é an fáth a tugadh "Currach" uirthi. Tá ceann eile ar aghaidh an tíghe agus sé an ainm atáuirthi ná Páirc an Bhóirín toisg go bhfuil bóirín ag rith treasna. In aice na páirce sin tá páirc eile ar a dtugtar "Croisin" mar ainm uirthi. (Páirc na Croise Bige)
    Tá páirc ag mo uncail agus sé an ainm atá uirthi ná an "Sléibhín." Tá sé 'na sliabh beag agus is mar gheall ar sin a tugadh an ainm úd uirthi. Tá ceann eile in aice leis sin agus tugtar "Páirc an Chapaill" uirthi. Fadó nuair a bhíodh an t-ath-fhéir tagaithe san pháirc sin ní leigeadh aon bhó isteac innte ach chapall; sin é an fáth a tugadh an ainm úd uirthi.
    Tá ceann eile aige agus sé an ainm atá uirthi ná "Páirc an Leasa" toisg go bhfuil lios 'na láir agus in aice leis sin tá páirc eile ar a dtugtar "Páirc na Sgeiche Gile," mar tá Sgeac Geal 'na láir.
    Gairid do na páirceanna sin tá páirc eile ann agus tá ceathrú ácra d'fairsinge ínnte. Tugtar "Ceathruú Bhettí" uirthi. Deirtear go raibh bean darab ainm Bettí i na chómhnuidhe ínnti agus gurbh léi an ceathrú ácra sin agus sin é an fáth gur tugadh "Ceathrú Bhettí" uirthi ó shoin.
    Tá páirc eile in aice an bhótair agus tugtar Páirc na bhFear uirthi. Dubhradh liom nuair a bhíonn an Samradh ann deineann na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Inis Díomáin, Co. an Chláir
    Collector
    Máire Ní Chonmára
    Gender
    Female
    Informant
    Tomás Mac Conmára
    Gender
    Male
    Address
    Cluaine Theas, Co. an Chláir